This site uses cookies.
Some of these cookies are essential to the operation of the site,
while others help to improve your experience by providing insights into how the site is being used.
For more information, please see the ProZ.com privacy policy.
This person has a SecurePRO™ card. Because this person is not a ProZ.com Plus subscriber, to view his or her SecurePRO™ card you must be a ProZ.com Business member or Plus subscriber.
Affiliations
This person is not affiliated with any business or Blue Board record at ProZ.com.
French to Irish: "Vers la pleine gestion scolaire francophone en milieu minoritaire"
Source text - French Achoimre
Déanann an tuarascáil seo cur síos agus anailís ar phríomhriachtanais scolaíochta agus para-scolaíochta na tríocha comhairlí scoile a fheidhmíonn ar son na gcainteoirí Fraincise sna naoi gcúige agus trí chríocha le tromlach cainteoirí Béarla. Díríonn na riachtanais seo ar thrí chuspóir. Ar dtús, an dlí-eolaíocht atá ag baint le Airteagal 23 den Charte canadienne des droits et libertés a aistriú ina ngníomhartha riaracháin nithiúil agus laethúil chun lánbhainistíocht scoile na gcainteoirí Fraincise i dtimpeallacht mhionlaigh i gCeanada a chur i bhfeidhm. Sa dara cás, ceadú do na tuismitheoirí, do na pobail agus do chomhairlí scoile na gcainteoirí Fraincise (CSF) forbairt a dhéanamh ar, agus críoch a chur leis, an dtionscadal a chuirfeadh ar a gcumas lánbhainistíocht a gcuid scoileanna - na hinstitiúidí is tábhachtaí i scaipeadh a dteanga agus a gcultúr - a bhaint amach. Agus, ar deireadh, an bealach a réiteach le go mbeadh próiseas comhairliúcháin trípháirteach ann idir an Rialtas Feidearálach, na hAireachtaí Oideachais agus comhairlí scoile na gcainteoirí Fraincise le aidhm lánbhainistíocht scoile na gcainteoirí Fraincise i dtimpeallacht mhionlaigh a bhaint amach.
Tá an tuarascáil seo roinnte ina dhá chuid. Míníonn an chéad chuid an comhthéacs stairiúil agus polaitiúil taobh thiar d’Airteagal 23 agus an dlí-eolaíocht atá bainteach leis ó 1982 i leith. Déanann an dara chuid leagan amach agus anailís ar na riachtanais scolaíochta agus para-scolaíochta atá le comhlíonadh sular féidir lánbhainistíocht scoile na gcainteoirí Fraincise a bhaint amach. Sainaithníonn agus cuireann sé béim ar an gcaoga riachtanas is tábhachtaí atá ag na comhairlí (CSF) agus déanann sé a n-éilimh a chosaint i dtaca leis na dlí-eolaíochta sin.
Tá aon phrionsabal déag sa dlí-eolaíocht seo. Is féidir an t-aon phrionsabal déag sin a roinnt i gceithre chuid. Is féidir an rannóg pholaitiúil a shainmhíniú sna téarmaí seo a leanas: éagóracha an ama atá thart a chur ina gceart, rud ba chúis le meath daonra an mhionlaigh, agus comhionannas an dá phobal teanga a chinntiú san am le teacht trí féinbhainistíocht na scoileanna mionlaigh agus bearta dearfacha cúigeacha faoi leith a chur i bhfeidhm. Tá ceithre phrionsabal dlíthiúil i gceist sa rannóg pholaitiúil :
éagóracha an ama atá thart a chur ina gceart agus srian a chur le meath an mhionlaigh
comhionannas an dá phobal teanga oifigiúil a chinntiú
na comhairlí scoile a bhunú mar aicme “rialtais” ar leith
dualgais dearfacha a bheith ag Rialtais na gCúigí
Is féidir an Rannóg Pobail a shainmhíniú sna téarmaí seo a leanas: bunú scoileanna Fraincise mar ghléasanna d’fhorbairt an phobail. Tá dhá phrionsabal dlíthiúil i gceist sa rannóg seo:
scoileanna ar leith do chainteoirí Fraincise a bhunú
scoileanna a bheith mar lárionaid chultúrtha do chainteoirí Fraincise
Is féidir an Rannóg Oideolaíoch a shainmhíniú sna téarmaí seo a leanas: cláir scolaíochta a bhunú a fhreagraíonn do riachtanais an mhionlaigh. Tá trí phrionsabal dlíthiúil i gceist sa rannóg seo:
sainaithint na riachtanas atá ag pobal na gcainteoirí Fraincise
Cláir scolaíochta de réir riachtanais an mhionlaigh a bhunú
Ionannas na dtorthaí
Ar deireadh, is féidir an Rannóg Riaracháin a shainmhíniú de réir bhainistíochta na n-achmhainní airgeadais, ábhartha agus daonna. Tá dhá phrionsabal dlíthiúil i gceist sa rannóg seo:
maoiniú cothromasach agus caiteachas an chiste de réir na riachtanas
Tá seacht gcumhacht bhainistíochta eisiacha ag na CSFnna
Is féidir daichead a naoi de na caoga riachtanas áirithe sainaitheanta ag na tríocha CSFnna le linn an taighde a chosaint de réir ceann amháin nó roinnt de na prionsabail dlíthiúla. Ar an dóigh sin, níl gá le tosaíocht a thabhairt d’aon cheann de na riachtanais. Mar sin féin, tá béim curtha ag na CSFnna ar an trí riachtanas déag seo a leanas:
Tógáil scoileanna nua
Athchóiriú agus deisiú scoileanna atá ann cheana féin
Nósanna Francacha a spreagadh sula dtosnaíonn na daltaí ar scoil
Cláir chun inniúlacht teanga na ndaltaí a thabhairt suas chun dáta
Cláir eolais, thacaíochta, thionlacan do na tuismitheoirí eiseaghamacha
Seirbhísí naíonra agus cúram leanaí
Cláir dara leibhéal
Earcú phearsanra teagaisc rialta
Earcú phearsanra teagaisc speisialaithe
Earcú phearsanra riaracháin
Seirbhísí speisialaithe as Fraincis
Cur chun cinn na Scoile Fraincise
Sainaithint/earcú na ngaolta a bhfuil cearta acu
Ar a bharr sin, cuireadh béim le linn an taighde ar phrionsabal dlíthiúil an phobail, “scoileanna mar lárionaid chultúrtha do na cainteoirí Fraincise”, toisc gur theastaigh ó na CSFnna teorainn a chur le dearcadh na n-eagraíochtaí eile sa phobal de réir feidhm na scoileanna agus na CSFnna i bhforleathnú comhchoiteann na gcainteoirí Fraincise i dtimpeallacht mhionlaigh. Leagann ár dtuarascáil amach sna ceithre ráiteas seo a leanas torthaí na gcomhairliúcháin a déanadh le daichead a naoi comhlachtaí pobail:
1. Tá súil ag na heagraíochtaí seo go mbeidh ról níos gnóthaí ag na CSFnna i bhforbairt ilréimseach phobail na gcainteoirí Fraincise lena mbaineann siad agus go mór mór sna pobail ina bhfuil an scoil mar phríomh institiúid ag na cainteoirí Fraincise.
2. Ba chóir go gcomhlíonfaí an ról seo ag comhoibriú le heagraíochtaí eile an phobail; ní chóir go gcomhlíonfaí é go leithleasach nó le haimhleas aon iarrachta atá i bhfeidhm cheana féin.
3. Ba chóir do na CSFnna páirt a ghlacadh i bhforbairt an phobail:
an pobal a spreagadh
comhtháthú na healaíona agus an chultúir sa chlár scolaíochta
feidhmiú mar ghníomhaíocht eolais agus cumarsáide
feidhmiú mar theagascóir don phobal
a gcuid ionaid a roinnt leis an bpobal
na gasúir óga a imeascadh sa chóras oideachais
4. Chun na CSFnna a imeascadh i bhforbairt an phobail, ní mór:
ról na CSFnna agus na n-eagraíochtaí eile a dheimhniú
comhoibriú le chéile trí mheán tionscadail nithiúla
pleananna agus gníomhaíochtaí bainteach le dul chun cinn an phobail a imeascadh
teacht ar chomhdhearcadh dearfach maidir le glacadh na mbeart is gá
cruinniú le chéile ar bhonn rialta agus foirmeálta
déanamh cinnte de go gcuireann bainistíocht na n-eagraíochtaí béim ar chaidreamh cómhalartach
boird caidrimh faoin oideachas a bhunú i ngach ceantar scoile
uasmhéid na ngaolta a bhfuil cearta acu a earcú, agus go mór mór na tuismitheoirí eiseaghamacha
gach ghné den oideachais
(réamhscoile, bunscoile, meanscoile)
a imeascadh
fostaí a earcú chun iarrachtaí an phobail a chomhardú d´fhonn an pobal a imeascadh sa churaclam agus an scoil a imeascadh sa phobal.
imeascadh na healaíona agus an chultúir sa churaclam agus sna ghníomhaíochtaí para-scolaíochta
iasacht na suíomhanna scoile a thabhairt do na heagraíochtaí pobail deonacha (nó ionaid scoile agus pobail a bhunú i ngach scoil Fraincise)
Leagan an chonclúid amach sé phointe a cheadaíonn riachtanais na CSFnna a chomhlíonadh:
1. Feachtas sainaitheantais, eolais agus feasachta i gcomhair na dtuismitheoirí i dteideal chun an t-oideachas trí Fhraincis a chur chun cinn agus iad a spreagadh chun a gcuid páistí a chlárú sna scoileanna Fraincise. Ar a bharr sin, tacaíocht a thabhairt do na tuismitheoirí sin, go mór mór na lánúin eiseaghamacha, chun imeascadh a gcuid páistí sa chóras scoile Fraincise a éascú.
2. Foirmle maoinithe i gceithre chodanna:
a) maoiniú speisialta agus láithreach chun éagóracha an ama atá thart a chur ina gceart agus srian a chur le comhshamhlú na gcainteoirí Fraincise
b) maoiniú cultúrtha a chabhróidh chun comhionannas pobail na gcainteoirí Fraincise a bhaint amach i dtimpeallacht mhionlaigh ina labhraítear Béarla don chuid is mó
c) maoiniú do dhaltaí le haghaidh costais reatha atá ar aon dul leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do dhaltaí an triomlaigh
d) maoiniú chun aon chostas reatha breise a íoc
3. Ba chóir go mbeadh comhaontú ann idir gach ceann de na tríocha CSFnna agus a Rialtas Cúigeach agus Críche faoi seach i leith dáileadh na gcumhachtaí bainistíochta i dtaobh teagaisc na Fraincise.
4. Ba chóir do gach CSF a chuid riachtanais scolaíochta agus para-scolaíochta a dhearbhú chomh maith leis na dtorthaí scoile a bhfuil súil leo a agus an chiste atá riachtanach chun iad seo a chomhlíonadh a dhearbhú. Ar a bharr sin, ba chóir dóibh dul i gcomhairle lena n-Aireachtaí Oideachais cuí chun comhaontú maidir leis na riachtanais scolaíochta agus an chiste scoile atá riachtanach chun iad a chomhlíonadh a phlé.
5. Tá sé riachtanach go mbeadh suim ag na CSFnna dul i gcomhairle le heagraíochtaí eile atá ag obair ar son dul chun cinn na gcainteoirí Fraincise.
6. Ba chóir do na CSF costas a gcuid príomhriachtanas a dheimhniú i dtreo na costais a chur faoi bhráid na n-údarás cúigeach agus feidearálach atá freagrach as na comhaontuithe PLOE.
Nuair a bhíonn seo comhlíonta, bíodh sé trí mheán an sé phointí straitéiseach seo nó cibé straitéis eile, tabharfaidh soláthar na riachtanas seo, buíochas le tacaíocht na n-údarás rialtais, feidearálach agus cúigeach/críche, cead lánbhainistíochta scoile do phobal na gcainteoirí Fraincise i dtimpeallacht mhionlaigh, rud gur féidir linn a shainmhíniú go sealadach sna téarmaí seo a leanas:
Cur i bhfeidhm comhairle scoile na gcainteoirí Fraincise, aontacht atá réasúnta neamhspleach ón Stát Cúigeach/Críche dá smacht eisiach ar:
(1) sainaithint na riachtanas atá ag
na cainteoirí Fraincise,
(2) caiteachas réamhfháisnéisithe ar theagasc agus ar ionaid scoile
(3) earcú agus leithdháileadh na bpearsanra teagaisc
(4) ainmniú agus treoir na bpearsanra riaracháin
(5) bunú na gclár scolaíochta
(6) comhréiteach na gcomhaontuithe maidir le teagaisc agus na seirbhísí eile atá curtha ar fáil
(7) suíomh na scoileanna mionlaigh a shocrú chun (a) oideachas d’ardchaighdean, (b) marthantas an phobail, a theanga agus a chultúr, atá faoina gcúram agus, (c) aontas Cheanada a chinntiú.
Clár Ábhair
Focal Buíochais ............................ 1
Achoimre ..................................... 3
Clár Ábhair ................................. 7
Réamhrá ...................................... 9
Páirt a hAon :
Lánbhainistíocht scoile i dtimpeallacht ina bhfuil an Fhraincis ina theanga mhionlaigh 14
Cuid A : Comhthéacs stairiúil
agus polaitiúil lánbhainistíochta
scoile na gcainteoirí Fraincise ........ 14
Cuid B : An dlí-eolaíocht a bhaineann
le Airteagal 23 ó 1982 i leith ........... 20
1) An Rannóg Pholaitiúil ................. 21
a) Éagóracha an ama atá thart
a chur ina gceart agus srian a
chur le meath an mhionlaigh .... 21
b) Comhionannas an dá phobal
teanga oifigiúil a chinntiú ........ 24
c) Na comhairlí scoile a bhunú
mar aicme/réimse ‘rialtais’ ar leith 25
d) Déanamh cinnte go gcloígheann
Rialtais na gCúigí agus na gCríoch
lena gcuid ndualgais .............. 28
2) An Rannóg Pobail ...................... 29
a) Bunú scoileanna Fraincise
ar leith ............................... 29
b) Na scoileann a bheith mar lár-
ionaid chultúrtha do phobal
na gcainteoirí Fraincise ........ 32
3) An Rannóg Oideolaíoch ................ 32
a) Sainaithint riachtanais scolaíochta
na gcainteoirí Fraincise 33
b) Bunú cláir scolaíochta de réir
riachtanais an mhionlaigh 34
c) Ionannas na dtorthaí ......... 35
4) An Rannóg Riaracháin ................... 36
a) Maoiniú cothromasach agus
caiteachas an chiste de réir
na riachtanais .................... 36
b) Tá seacht gcumhacht bhainistíochta eisiacha ag comhairlí scoile na gcainteoirí Fraincise ....................... 37
Páirt a Dó :
Riachtanais scolaíochta agus
para-scolaíochta ............... 39
Cuid A : An fhaisnéis a bailíodh sa
cheistneoir a dáileadh
go 30 CSFnna ......................... 39
Cuid B : Anailís ar na riachtanais scoile
de réir airteagail 23 .............. 43
1) Éagóracha an ama atá thart a chur
ina gceart agus srian a chur le meath
an mhionlaigh ............................... 43
a) Tógáil scoileanna nua ......... 44
b) Cláir nósanna Francacha a
spreagadh sula dtosnaíonn na daltaí ag dul ar scoil ........... 45
c) Clár eolais, thacaíochta, thionlacan
do na tuismitheoirí eiseaghamacha ..........................................46
d) Litearthacht teaghlaigh .............46
e) Leabhair Fraincise a chur
ar fáil do léitheoirí
bunleibhéil ....................... 47
f) Seirbhísí naíonra agus
cúram leanaí .................... 47
g) Naíonlanna lánaimseartha ...... 48
h) Cur chun cinn na Scoile
Fraincise ..................................... 48
i) Sainaithint/earcú na ngaolta a bhfuil
cearta acu .............................. 49
j) Na cláir dara leibhéal .............. 52
2) Comhionannas a dá phobal teanga
oifigiúil a chinntiú ....................... 52
3) ‘Aicme/réimse rialtais faoi leith’ a dhéanamh de na comhairlí scoile ... 53
4) Tá dualgais dearfacha ag Rialtais
na gCúigí .................................. 54
5) Bunú scoileanna Fraincise
ar leith ..................................... 55
6) Feidhmniú na scoileanna mar lár-
ionaid chultúrtha do phobal na
gcainteoirí Fraincise .................. 56
7) Sainaithint riachtanais scolaíochta na
gcainteoirí Fraincise .............. 58
8) Cláir scolaíochta a bhunú atá oiriúnach do
riachtanais an mhionlaigh .......... 59
9) Ionannas na dtorthaí ................... 60
10) Maoiniú cothromasach agus
caiteachas an chiste de réir
riachtanais an mhionlaigh ................. 61
11) Cur i bhfeidhm gach CSF den
seacht gcumhacht bhainistíochta
eisiacha ................................................ 62
a) Pearsanra teagaisc a earcú
agus a leithdháileadh ................. 62
b) Ainmniú agus stiúiriú
an phearsanra riaracháin ............. 63
c) Cur i gcrích na gcomhaontuithe.... 63
Translation - Irish Achoimre

More
Less
Experience
Years of experience: 19. Registered at ProZ.com: Feb 2009.
I am a graduate of History and Philosophy from Trinity College, Dublin. I have spent the last few years dividing my time between studying and living/working abroad; in France, Spain and Argentina.
My specialisation is in translation, but I am also a confident interpreter and teacher.
My multi-language skills allow me to handle a wide variety of texts and professional situations with ease. I am a good communicator and have an excellent turnover rate. I am not afraid of hard work.
Keywords: irish, english, french and spanish, education, legal, academic, literary